Ardfhear, a Dhochtúir!!
Ardfhear, a Dhochtúir!!
An cheist cé a bheidh ar na coistí sin. Anois cheana féin tá ganntanas daoine le saineolas agus taithí sa phleanáil teanga agus tá ganntanas deiseanna na saineolaithe a chruthú agus a chothú.
Mholas leanúint le cur chuige na gConnallach agus na nGaillimheach — meascán do bhaill tofa, bainisteoirí sinsireacha, OPTanna ⁊ grúpaí/saineolaithe áitiúla
Ana mhórálach as Luke (agus Eimear & Sadhbh leis a labhair) a dhein cur síos cuimsitheach ar na deacrachtaí atá roimis ghlúin óg na Gaeltachta ag an gComhchoiste Gaelainne inné, tithíocht & teanga fite fuaite lena chéile. Fear iontach atá ar thaithí oibre linn fé láthair!
Glactha sa Dáil le rún faoin ngéarchéim thithíochta sa nGaeltacht ach amhras ann ar thuig an tAire Tithíochta é
Agus an ceart ar fad agat, a Ribe uasail.
Ceist fhánach anso uaim ach deirim ana mhinic as Béarla “conas atá agat an aimsir seo?” / “how are you this weather?” ⁊ is beag Béarlóir gan Ghaelainn a thuigeann nach bhfuilim ag caint ar chúrsaí aimsire ach ar chúrsaí ama.
‘mBíonn a leithéid d’fhadhb ag daoine eile? ‘Bhfuil hotline ann dó seo?
An clabhsúr is ceolmhaire agus is cuileachtúla le cruinnithe lae oibre ar an Aoine, agus Clíona Ní Ghallachóir le Comhairle Contae Dhún na nGall dár dtabhairt an bóthar abhaile lena leagan den gCruiscín Lán in Halla na Cathrach sa Ghaillimh.
An ceart ar fad agaibh.
#1 is dóigh liom cé nach bhféadfainn a rá gur saineolaí mé!
😩😩
‘Tá imní orm maidir le cad a tharlóidh, cá bhfuil ár dtriall?’ - frustrachas faoi ‘rúndacht’ maidir le cúrsaí pleanála teanga
Ana áthas orm seo a fheiscint! Maith thú féin a @orlaithniici.bsky.social
Ana lá caide d’fhearaibh Chorca Dhuibhne huppppp
100%. Cé go bhfuil rudaí ana dhearfach agus idé-eolaíocht níos fearr anois ann i measc na nÉireannach, tá go leor fadhbanna bunaidh ann gur gá a réiteach sara mbeidh aon dul chun cinn déanta.
Caithfidh an Rialtas gníomhú ar a thromhchúisí is atá na firicí loma seo. Alt éachtach ó Róisín ⁊ ón Ditch thíos. Ní thuigeann na hAirí suntas na tuairisce seo ⁊ a bPlean Tithíochta foilsithe acu ⁊ foilsiú treoirlínte pleanála tithíochta Gaeltachta curtha siar acu aríst is aríst eile ó 2021.
An ceart agat is dóigh liom, bheadh suirbhé nó monatóireacht níos rialta níos cabhraí ⁊ níos cruinne chun treocht a oibriú amach ná daonáireamh fhéintuairiscithe gach 5 bliana. Scóip ceisteanna ar chleachtas teangan níos dírithe a chur ansan, fiú muna mbeadh ann ach sampla. Folús ann fé láthair!
An labhrann tú Gaelainn age baile/ cad í teanga do thí? An í do chéad teanga í? Minicíocht úsáide (atá ann anois go pointe ach doiléir), cumas labhartha agus suíomhanna úsáide. An firic is tábhachtaí ná oibriú amach cén líon cainteoir laethúil atá ann is dóigh liom agus conas cur leis sin
🤣
Agus muna mbeadh an córas ainmniúchái. chomh dian san bheadh daoine ar nós an boc san McGr*ggor nó eile ar an bpáipéar ballóide agus airgead daoine eile taobh thiar dóibh mar atá déanta i dtíortha eile 🥲
Óráid cumhachtach a thug ardú croí dom ag an Uachtarán nuathofa Catherine Connolly, agus sin i bpríomhtheanga oifigiúil na tíre ar dtúis aici. Ana bhaoch aisti, ag am ina bhfuil bagairtí daonlathacha agus míshocracht pholaitiúil i réim in ana chuid tíortha eile. #Áras25
Díreach ceannaithe agam ansan!
Seo pic D díom ag cuimhneamh ar an morgáiste nach mbeidh riamh agam anois toisc mo phic B uair sa ráithe
€3.80 anois daoibh siúd a bhfuil spéis agaibh sa scéal. #BoilsciúBharry’s
Ag súil leis na mílte duine ag agóidíocht ar sráideanna Bhaile Átha Cliath ar an 20/09 — scaip an scéal agus beir cara nó beirt leat!
Maith thú!
Ar bís dul an Picnic Leictreach i mbliana agus bheith ar phainéal phodchraolta leis na móruaisle seo fé stiúir an laoich í féin Emma Ní Chearúil. Buailíg isteach daoibhse a bheidh timpeall! @electricpicnic.bsky.social @forasnagaeilge.bsky.social @raidionalife.bsky.social
Neart oibre déanta againn chun an folúntas seo a bhaint amach.
An-ghá le hOibrí Óige in Uíbh Ráthach!
Scaipigí an scéal le bhur dtoil!
www.foroige.ie/vacancy/oifi...
N’fhéadfá iad a lochtú!
Tá léite ag suíomh Mherriam-Webster orm, agus ar m'fhonn uaignis, is léir.