Míle buíochas leo siúd a tháinig amach aréir 🙏💞
Míle buíochas leo siúd a tháinig amach aréir 🙏💞
Is scríbhneoir ildánach í Laoighseach a bhfuil dhá chnuasach filíochta dá cuid foilsithe ag Barzaz - ‘Mainistir na Feola’ an ceann is déanaí a tháinig ar an saol an fómhar seo caite.
Comhghairdeas ó chroí le Laoighseach Ní Choistealbha eagarthóir agus foilsitheoir ‘An Dearcán’, iris nua liteartha a seoladh aréir i mBaile Átha Cliath.
Agus daoibh siúd i nGaillimh - Déardaoin 12ú Márta 🤩
Dé Máirt bheag seo i mBaile Átha Cliath seolfar Iris na hÉigse - bígí ann!
Beidh @tadhgmacdh.bsky.social i láthair ag Club Leabhar Mhuineacháin an Déardaoin seo!
FÓGRA DO SCRÍBHNEOIRÍ🗣️
✨Tá an próiseas iontrála do Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2026 oscailte anois!✨
🗓️Spriocdháta Iontrála: 1 Iúil 2026
ℹ️ 31 Comórtas
Siollabas Comórtais & Foirm Iontrála ar fáil anseo: www.antoireachtas.ie
#Oireachtas2026
Áthas orainn go bhfuil Mainistir na Feola roghnaithe mar leabhar na míosa ag RTE! Nasc don agallamh le Laoighseach ➡️ www.rte.ie/gaeilge/2026...
Comhghairdeas leat!@laoighseach.bsky.social
Smaointe Fánacha Aonghusa: Ní bhíonn sólás againn ann....
aonghus.blogspot.com/2026/02/ni-b...
An saol sona
Údar: David Foenkinos
Leagan Gaeilge: Máirín Ní Mhárta
@barzazie.bsky.social
🤩
Cén leabhar Gaeilge atá á léamh agat faoi láthair, nó céard atá ar do liosta léitheoireachta do 2026?
Inis dúinn sna tráchtanna 💖📚
#LoveLeabharGaeilge #LeabhairGhaeilge #Gaeilge
@forasnagaeilge.bsky.social @cloiarchonnacht.bsky.social @barzazie.bsky.social @leabharbreac.bsky.social
Ní fada anois go mbeidh an chéad eagrán den iris filíochta nua An Dearcán réidh le dul. Filíocht nua ó na filí bunaithe is na filí óga!
Seo cóip tastála a fuair mé chun an cló a thriail amach. Ag súil leis an tsnas dheireanach a chur anois ar an rud! 🌳
Tá clú agus cáil ar David Foenkinos i saol litríochta na Fraincise agus go deimhin ar fud an domhain mar go bhfuil a chuid leabhar ar fáil i mbreis agus 30 teanga.
Ba mhaith linn comhghairdeachas a dhéanamh leis agus an ardonóir Chevalier des Arts et des Lettres bronnta air ag Rialtas na Fraince.
Tá dea-scéala ag David Foenkinos, údar An Saol Sona, nó La Vie Heureuse, an t-úrscéal is deireanaí atá foilsithe ag Barzaz, é aistrithe ón bhFraincis go Gaeilge ag Máirín Ní Mhárta.
Margadh beag atá ann don chlosleabhar Gaeilge agus tá sé dodhéanta na costais a ghlanadh ar bhonn tráchtála ach má bhíonn an maoiniú ar fáil, is fiú agus is féidir!
Is cinnte go mbeadh ach an maoiniú a bheith ar fáil. Tionscadal costasach go maith le cur i gcrích é an closleabhar: caithfear íoc as aisteoir, teicneoir, stiúrthóir, áiseanna taifeadta agus profáil an taifeadta chomh maith le ceannach na gcearta fuaime.
Beidh Tír Bheag - an closleabhar ar fáil ar Spotify, Libro.FM, Google Books agus ardáin eile as seo go ceann cúpla mí. Tuilleadh eolais faoin dáta eisiúna go luath!
@antainmac.bsky.social @forasnagaeilge.bsky.social @loveleabhargaeilge.bsky.social @artscouncilireland.bsky.social
Ár míle buíochas leo siúd a bhí páirteach - an t-aisteoir, Sam Ó Fearraigh, an t-innealtóir fuaime Niall Clarke; Flirt FM, Ollscoil na Gaillimhe faoin stiúideo a chur ar fáil dúinn agus ar ndóigh Foras na Gaeilge agus an Chomhairle Ealaíon faoin tacaíocht leanúnach mhaoinithe.
Tá foireann Barzaz ar ais sa stiúideo agus muid ag obair go crua ar la an leagan closleabhair den úrsceal ‘Tír Bheag’, scríofa ag Gaël Faye agus aistrithe ón bhFraincis go Gaeilge ag Antain Mac Lochlainn.
Anocht i Mionloch - bígí ann!
@laoighseach.bsky.social
tuairisc.ie/ealain-e-an-...
Tá stádas ealaíontóra ag an aistritheoir liteartha sa Fhrainc agus tá ciall leis sin. Ceann de na haidhmeanna a bhí againn le @barzazie.bsky.social ná an cineál sin tuisceana a chur chun cinn i gcultúr na Gaeilge, ~ @tadhgmacdh.bsky.social
@laoighseach.bsky.social
Nollaig na mBan shona daoibh, a chairde! Seo an dán ‘Scrúdú’ ón gcnuasach Mainistir na Feola, scríofa ag Laoighseach Ní Choistealbha.
Nollaig na mBan inniu
Cumhacht na mBan gach lá
#NollaignamBan #speirgorm
Go raibh níos mó deiseanna againn teacht le chéile agus ár ngrá do na leabhair a roinnt sa mbliain atá romhainn.
Pictiúir le Simon Ó Baoighill.
Athbhliain faoi mhaise a chairde! Ár míle buíochas ó chroí libh ar fad a thacaigh linn i mbliana. Seo súil siar beag ar sheoladh ‘Mainistir na Feola’ agus ‘An Saol Sona’, ócáid a chuir gliondar ar ár gcroí i 2025.
🤩🤩
Fuinneog speisialta ag Charlie Byrne's bunaithe ar Liosta Mór na Leabhar in Comhar! 📚
Álraidht, a chairde... Tá mé ar thóir seomra i gcathair BhÁC, dhá nó trí oíche gach seachtain, don bhliain 2026 ach idir Eanáir - Meitheamh go speisialta... Domhnach-Márta na laethanta. Sásta cíos a íoc agus dánta molta a scríobh.
Bígí ag caint liom má ritheann rud ar bith libh 🙏
Áthas orainn go raibh ‘An Saol Sona’ agus ‘Mainistir na Feola’ san áireamh 🤩 tuairisc.ie/cearbh-iad-l...