Trending
Hanna Ní Lochnáin's Avatar

Hanna Ní Lochnáin

@nilochnain

Ciarraíoch i mBaile Átha Cliath. Táim anso don nGaelainn.

635
Followers
231
Following
1,210
Posts
21.08.2023
Joined
Posts Following

Latest posts by Hanna Ní Lochnáin @nilochnain

Agus aitheantas ceart tugtha aici don dán iontach a chum @antainmac.bsky.social !!

14.03.2026 13:26 👍 1 🔁 0 💬 0 📌 0
Preview
DIALANN TUAIRISC: ‘Fake it, til you make it’ na Gaeilge, thiar sa mback ar an (bh) 424, An Ghaeilge agus an Botox Gach seachtain cuireann scríbhneoirí éagsúla ar fáil scéalta beaga agus móra as Dialann Tuairisc

Chím go bhfuilim luaite ag Tuairisc arís 😃 Ach is maith an rud é gur cheartaigh Bridget mo chuid Gaelainne - fite fuaite INA chéile! Fós ag foghlaim annso!!
tuairisc.ie/dialann-tuai...

14.03.2026 13:24 👍 0 🔁 0 💬 1 📌 0

An-alt. Na rudaí atá ar eolas againn go fo-chomhfhiosach ach iad mínithe go soiléir.

13.03.2026 10:50 👍 1 🔁 1 💬 0 📌 0
deer - Sainmhíniú i nGaeilge agus foghraíocht i nGaeilge le haghaidh deer le Foras na Gaeilge deer - sainmhíniú i nGaeilge agus foghraíocht i nGaeilge: Tuilleadh le fáil in An Foclóir Nua Gaeilge le Foras na Gaeilge

Bheith i do "staic le scaoll" de réir dealramh. Ach, níl ach trí thagairt dó i corpas.ie

www.focloir.ie/ga/dictionar...

12.03.2026 16:48 👍 4 🔁 0 💬 0 📌 0

Ceapaim gur chuala "an dúbailt" ag Brian Tyers ach b'fhéidir go bhfuil dul amú orm.

11.03.2026 00:03 👍 1 🔁 0 💬 0 📌 0

Thar barr!!!

10.03.2026 16:56 👍 1 🔁 0 💬 0 📌 0

An bhfuil an dá rud fite fuaite lena chéile?

10.03.2026 14:39 👍 5 🔁 0 💬 3 📌 1

Bhí mearbhall orm fé ról na gráinneoige mar cheapas gur "a chogaint" seachas "a chosaint" a bhí scríofa!
Conas ar éirigh libh? Slí iontach spraoiúil chun daoine a gcur ag caint!!

07.03.2026 11:10 👍 5 🔁 0 💬 1 📌 0

Rudaí stuama le rá ag an bean seo.

06.03.2026 16:34 👍 3 🔁 0 💬 0 📌 0

Nuair a chonac "How to Gaol", smaoiníos ar Enoch Burke!

06.03.2026 09:13 👍 3 🔁 0 💬 0 📌 0

Is dócha go bhfuil líon na ndaltaí sa tír méadaithe ach nach bhfuil aon Gaelscoil nua ar an bhfód ná spásanna sa bhreis aimsithe in aon cheann reatha.

05.03.2026 22:22 👍 4 🔁 0 💬 0 📌 0

Ní rómhinic a dhéanaim racht gáire ⁊ mé ag léamh alt nuachtáin ach bhíos sna trithí ag léamh an alt seo!

05.03.2026 17:24 👍 4 🔁 0 💬 0 📌 0

Is dócha ná bhfuil a fhios ag an boc san nach mbaineann na rialacha nua ach le tionóntachtaí nua...

05.03.2026 17:01 👍 1 🔁 0 💬 1 📌 0

Marrowbone Lane = Lána Mhuire Mhaith = Marie la Bonne.

03.03.2026 01:05 👍 3 🔁 0 💬 1 📌 0

Táim ag leanúint na díospóireachta, ach ag fanacht glan amach ó aon tuairim a nochtadh ina leith!

26.02.2026 17:31 👍 7 🔁 0 💬 2 📌 0

Agus mise leis!

25.02.2026 13:00 👍 1 🔁 0 💬 0 📌 0

Ana-smaoineamh! Is breá leis na déagóirí sa tigh seo an cluiche san. Slí ana-mhealltach chun daoine a chur ag caint as Gaelainn.

22.02.2026 11:00 👍 1 🔁 0 💬 0 📌 0

Tá an t-ádh linn in Uíbh Ráthach go bhfuil duine cumasach mar Victor ag obair linn le seacht mbliana anuas.

20.02.2026 14:12 👍 2 🔁 0 💬 0 📌 0

Faoiseamh! Ní rabhas chomh dona san mar mháthair tar éis an tsaoil!!!

18.02.2026 21:05 👍 7 🔁 1 💬 0 📌 0

Grma as Ecosia a chur ar mo shúile. Feictear dom go bhfuil an cuardach níos fearr ná Duck Duck Go. Google díbeartha ón bhfón ⁊ ón ríomhaire anois!

17.02.2026 15:25 👍 2 🔁 0 💬 0 📌 0

Díreach tréis éisteacht leis. Bhí sé thar barr! Ana-spéisiúil. Rudaí atá thar a bheith casta mínithe go soiléir - agus níl san fuirist! D'fhoghlaimíos ana-chuid!

15.02.2026 20:58 👍 0 🔁 0 💬 1 📌 0

Níl aon cur amach agam ar Dan Jørgensen ach ceapaim go bhfuil ana-chiall leis an méid a ndeir sé annso.

"Ní cliseadh margaidh amháin é sin. Is éigeandáil shóisialta é."

"Ní mór don infheistíocht freastal ar dhaoine, seachas ar an amhantraíocht."

Anois - beart de réir briathar!

14.02.2026 16:24 👍 3 🔁 0 💬 0 📌 0

😂😂

13.02.2026 22:55 👍 0 🔁 0 💬 0 📌 0

Alt den chéad scoth a Rob.

11.02.2026 14:33 👍 0 🔁 0 💬 1 📌 0

Ní saineolaí mé ar ndóigh ach ná beadh sé ciallmhar cáin níosa mhó a ghearradh ar cíos gearr-théarmach ná cíos fad-théarmach?

11.02.2026 09:33 👍 0 🔁 0 💬 0 📌 0

Chaith mo dheirfiúr dhá mhí ag taisteal timpeall na hEorpa an samhradh seo caite. An léargas atá aici ná: na cathracha is fearr chun a bheith i do chónaí ann, is iadsan na cathracha is taithneamhaí chun a bheith mar turasóir ann leis.

11.02.2026 09:12 👍 3 🔁 0 💬 1 📌 0

An rud is fearr faoi Aifric ná go mbíonn ceacht i ngach clár ach ní luíonn siad róthrom ar an gceacht sin. Bíonn meas acu ar chlisteacht an lucht féachana. Agus ar ndóigh tá greann ⁊ eachtraí ⁊ spraoi fite fúite i ngach clár. Seoigh!!!

07.02.2026 17:25 👍 1 🔁 0 💬 0 📌 0

Go hálainn! Thóg sé cúpla neomat orm!

07.02.2026 16:06 👍 1 🔁 0 💬 0 📌 0

An clár is fearr riamh ar TG4! Cuirim iontas ar na gasúir anseo nuair a thaispeánaim dóibh Jimín, Maidhc srl. mar atá siad anois!

07.02.2026 16:05 👍 4 🔁 0 💬 1 📌 0

Cuirfidh mé an comhairle sin ar aghaidh go dtí an leaid óg san Ardteist!!

04.02.2026 23:51 👍 0 🔁 0 💬 1 📌 0